| |
Airteagal 75 AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí "An Rúnaíocht"
=> úir: 140 |
| |
| 1. Beidh rúnaíocht ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, a sholáthróidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
|
| |
NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here! |
2. Déanfaidh an rúnaíocht na cúraimí a bheidh uirthi a chomhlíonadh go heisiach faoi threoracha Chathaoirleach an Bhoird.
|
| |
| 3. Foireann sin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo a chur i gcrích, beidh sí faoi réir línte tuairiscithe ar leithligh seachas na cinn a bheidh ar an bhfoireann a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
|
| |
| 4. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, meabhrán tuisceana a bhunú agus a fhoilsiú, lena gcuirfear an tAirteagal seo chun feidhme, lena gcinnteofar téarmaí an chomhair eatarthu, agus a bheidh infheidhme maidir le foireann rúnaíocht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo.
|
| |
| 5. Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochúil don Bhord.
|
| |
| 6. Beidh freagracht ar an rúnaíocht as an méid seo a leanas, go háirithe:
|
| |
| | (a) gnó laethúil an Bhoird;
|
|
| |
| | (b) an chumarsáid idir comhaltaí an Bhoird, a Cathaoirleach agus an Coimisiún;
|
|
| |
| | (c) cumarsáid le hinstitiúidí eile agus leis an bpobal;
|
|
| |
| | (d) úsáid modhanna leictreonacha don chumarsáid inmheánach agus sheachtrach;
|
|
| |
| | (e) faisnéis ábhartha a aistriú;
|
|
| |
| | (f) cruinnithe an Bhoird a ullmhú agus bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leo;
|
|
| |
| | (g) tuairimí, cinntí ar réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta agus téacsanna eile a ghlacfaidh an Bord a ullmhú, a dhréachtú agus a fhoilsiú.
|
|