|
Airteagal 38 AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí "Post an oifigigh cosanta sonraí"
=> Airteagal: 35 => úir: 97 => administrative fine: Art. 83 (4) lit a |
|
1. Áiritheoidh an rialaitheoir agus an próiseálaí go bhfuil baint ag an oifigeach cosanta sonraí, go cuí agus go tráthúil, le gach saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.
|
|
NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here! |
2. Tacóidh an rialaitheoir agus an próiseálaí leis an oifigeach cosanta sonraí agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 39 á gcur i gcrích aige trí na hacmhainní is gá a chur ar fáil dó chun na cúraimí sin a chur i gcrích agus áiritheoidh siad go mbeidh rochtain aige ar shonraí pearsanta agus ar oibríochtaí próiseála, agus chun a shaineolas nó a saineolas a choinneáil.
|
|
3. Áiritheoidh an rialaitheoir agus an próiseálaí nach bhfaighidh an t-oifigeach cosanta sonraí treoir ar bith maidir leis na cúraimí sin a chur i gcrích. Ní ghearrfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí pionós air nó uirthi ná ní chuirfidh siad as a phost nó a post é nó í as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh. Tabharfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí tuairisc go díreach do leibhéal bainistíochta is airde an rialaitheora nó an phróiseálaí.
|
|
4. Féadfaidh ábhair sonraí dul i dteagmháil leis an oifigeach cosanta sonraí maidir le haon saincheist a bhaineann le próiseáil a sonraí agus maidir le feidhmiú a gceart faoin Rialachán seo.
|
|
5. Beidh an t-oifigeach cosanta sonraí faoi cheangal sicréideachta nó rúndachta maidir le comhlíonadh a chúraimí nó a cúraimí, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.
|
|
6. Féadfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí cúraimí eile agus dualgais eile a chomhlíonadh. Áiritheoidh an rialaitheoir nó an próiseálaí nach n-eascraíonn coinbhleacht leasa as na cúraimí ná as na dualgais sin.
|