úir 97
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(97) I gcás inar údarás poiblí a dhéanann an phróiseáil, cé is moite de chúirteanna nó d'údaráis bhreithiúnacha neamhspleácha agus iad ag gníomhú dóibh ina gcáil bhreithiúnach, i gcás inar rialaitheoir a dhéanann an phróiseáil san earnáil phríobháideach, rialaitheoir arb iad oibríochtaí próiseála dá dteastaíonn faireachán rialta córasach ar na hábhair sonraí ar mhórscála, nuair arb éard atá i gcroíghníomhaíochtaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, catagóirí speisialta sonraí pearsanta agus sonraí a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta, ba cheart duine a bhfuil saineolas ar dhlí agus ar chleachtas na cosanta sonraí aige nó aici a bheith de chúnamh ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh inmheánach an Rialacháin seo. San earnáil phríobháideach, baineann croíghníomhaíochtaí an rialaitheora leis na príomhghníomhaíochtaí atá aige nó aici agus ní bhaineann siad le próiseáil sonraí pearsanta mar ghníomhaíochtaí coimhdeacha. Ba cheart an leibhéal saineolais is gá a chinneadh, go háirithe, de réir na n-oibríochtaí próiseála sonraí atá á ndéanamh agus de réir na cosanta atá de dhíth ar na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí. Ba cheart d'oifigigh cosanta sonraí den sórt sin a bheith in ann a ndualgais agus a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach neamhspleách, bíodh siad fostaithe ag an rialaitheoir nó ná bíodh.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!