úir 83
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(83) Chun an tslándáil a chothabháil agus chun cosc a chur ar phróiseáil de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann go bunúsach leis an bpróiseáil agus ba cheart dó bearta, amhail criptiú, a chur chun feidhme chun na rioscaí sin a mhaolú. Ba cheart leibhéal iomchuí slándála a áirithiú leis na bearta sin, lena n-áirítear rúndacht, agus aird á tabhairt ar staid na teicníochta agus ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme maidir leis na rioscaí agus le cineál na sonraí pearsanta atá le cosaint. Agus an riosca maidir le slándáil sonraí á mheasúnú, ba cheart breathnú ar na rioscaí a eascraíonn as próiseáil sonraí pearsanta, amhail scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach éigin eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach, agus ar rioscaí iad a d'fhéadfadh damáiste fisiciúil, ábhartha nó neamhábhartha go háirithe teacht astu.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!