úir 81
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(81) Chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú i dtaca leis an bpróiseáil atá le déanamh ag an bpróiseálaí thar ceann an rialaitheora, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí próiseála ar iontaoibh próiseálaí, níor cheart don rialaitheoir ach próiseálaithe a thugann ráthaíochtaí leordhóthanacha a úsáid, go háirithe ó thaobh saineolais, iontaofachta agus acmhainní, chun bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme sa dóigh is go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le slándáil na próiseála. Má chloíonn próiseálaí le cód formheasta iompair nó le sásra formheasta deimhniúcháin, féadfar a thaispeáint leis sin go bhfuil oibleagáidí an rialaitheora á gcomhlíonadh. Ba cheart an phróiseáil a dhéanann próiseálaí a rialú le conradh nó le gníomh dlíthiúil éigin eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a cheanglaíonn an próiseálaí leis an rialaitheoir, ina leagtar amach ábhar agus fad na próiseála, cineál agus críocha na próiseála, cineál na sonraí pearsanta agus catagóirí na n-ábhar sonraí do na sonraí, agus cúraimí agus freagrachtaí sonracha an phróiseálaí á gcur san áireamh i gcomhthéacs na próiseála atá le cur i gcrích agus an riosca atá ann do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí. Féadfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí an rogha a dhéanamh úsáid a bhaint as conradh aonair nó clásail chaighdeánacha chonarthacha a ghlacfaidh an Coimisiún go díreach nó a ghlacfaidh údarás maoirseachta i gcomhréir leis an sásra comhsheasmhachta agus a ghlacfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin. Tar éis an phróiseáil a thabhairt chun críche thar ceann an rialaitheora, ba cheart don phróiseálaí, ar rogha an rialaitheora, na sonraí pearsanta a thabhairt ar ais nó a scriosadh, mura gceanglaítear, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bhfuil an próiseálaí faoi réir, na sonraí pearsanta a stóráil.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!