úir 106
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(106) Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcinntí ar leibhéal na cosanta i dtríú tír,,i gcríoch nó in earnáil shonraithe i dtríú tír, nó in eagraíocht idirnáisiúnta, agus ba cheart dó faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú cinntí arna nglacadh ar bhonn Airteagal 25(6) nó Airteagal 26(4) de Rialachán 95/46/CE. Ina chuid cinntí leordhóthanachta, ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh do shásra maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a bhfeidhmiú. Ba cheart an t-athbhreithniú tréimhsiúil sin a dhéanamh i gcomhairle leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht agus ba cheart gach forbairt ábhartha sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta a chur san áireamh. Chun faireachán a dhéanamh agus chun na hathbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún machnamh a dhéanamh ar thuairimí agus ar thorthaí Pharlaimint na hEorpa agus ar thuairimí agus ar thorthaí na Comhairle, chomh maith le tuairimí agus torthaí comhlachtaí agus foinsí ábhartha eile. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnach ama, ar fheidhmiú na gcinntí sin agus aon torthaí ábhartha a thuairisciú don Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) mar a bhunaítear faoin Rialachán seo, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!