úir 98
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(98) Ba cheart comhlachais nó comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann catagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe a spreagadh cóid iompair a tharraingt suas, laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo, ionas go n-éascófar cur chun feidhme an Rialacháin seo, ag cur san áireamh shaintréithe sonracha na próiseála a dhéantar in earnálacha áirithe agus riachtanais shonracha na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide. Le cóid iompair den sórt sin, d'fhéadfaí go háirithe na hoibleagáidí atá ar rialaitheoirí agus ar phróiseálaithe a chalabrú, agus an riosca ar dócha a thiocfaidh as an bpróiseáil á chur san áireamh, ar riosca é atá ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!