úir 91
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(91) Ba cheart feidhm a bheith aige sin, go háirithe, maidir le hoibríochtaí próiseála ar mhórscála, lena ndírítear ar mhéid mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta nó fornáisiúnta agus a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar líon mór ábhar sonraí agus ar dócha go mbaineann ardriosca leo, mar shampla, mar gheall ar a n-íogaireacht, i gcás ina ndéantar, i gcomhréir le staid an eolais teicneolaíochta a baineadh amach, teicneolaíocht nua a úsáid ar mhórscála chomh maith le hoibríochtaí próiseála eile, a ngabhann ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí leo, go háirithe i gcás ina mbíonn sé níos deacra d'ábhair sonraí a gcearta a fheidhmiú mar gheall ar na hoibríochtaí sin. Ba cheart measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh freisin i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun cinntí maidir le daoine sonracha nádúrtha a ghlacadh tar éis aon mheastóireacht chórasach agus chuimsitheach a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta a bhaineann le daoine nádúrtha atá bunaithe ar na sonraí sin a phróifíliú nó tar éis catagóirí speisialta sonraí pearsanta, sonraí bithmhéadracha nó sonraí i ndáil le ciontuithe coiriúla agus le cionta nó le bearta slándála a phróiseáil. Éilítear measúnú tionchair ar chosaint sonraí freisin d'fhonn faireachán a dhéanamh, ar mhórscála, ar réimsí a bhfuil rochtain phoiblí orthu, go háirithe nuair atá feistí optacha leictreonacha á n-úsáid nó i gcomhair oibríochtaí eile ar bith ina meastar don údarás inniúil maoirseachta gur dócha go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí ag gabháil leis an bpróiseáil, go háirithe de bhrí go gcoisctear leo na hábhair sonraí ceart a fheidhmiú nó seirbhís nó conradh a úsáid, nó de bhrí go gcuirtear i gcrích iad go córasach nó ar mhórscála. Níor cheart a mheas gur ar mhórscála a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás lia aonair, gairmí cúraim sláinte aonair nó dlíodóir aonair a dhéanann sonraí pearsanta othar nó cliant a phróiseáil. I gcásanna den sórt sin, níor cheart measúnú tionchair ar chosaint sonraí a bheith éigeantach.
=> Airteagal: 37

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!