úir 86
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(86) Ba cheart don rialaitheoir sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí, gan aon mhoill mhíchuí, nuair is dócha go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí an duine nádúrtha ag gabháil leis an sárú sin i ndáil le sonraí pearsanta, ionas go bhféadfaidh sé nó sí na réamhchúraimí is gá a dhéanamh. Sa chumarsáid, ba cheart tuairisc a thabhairt ar chineál an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta chomh maith le moltaí a thabhairt don duine nádúrtha lena mbaineann aon éifeachtaí díobhálacha a d'fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an sárú a mhaolú. Ba cheart cumarsáidí den sórt sin a dhéanamh leis na hábhair sonraí chomh luath agus is féidir agus i ndlúthchomhar leis an údarás maoirseachta, agus urramú á thabhairt an t-am céanna do threoraíocht a thugann an t-údarás maoirseachta nó a thugann údaráis ábhartha eile amhail údaráis formfheidhmithe dlí. Mar shampla, maidir leis an ngá atá ann riosca láithreach go ndéanfaí damáiste a mhaolú, d'éileofaí cumarsáid a dhéanamh leis na hábhair sonraí go pras ach maidir leis an ngá bearta iomchuí a chur chun feidhme i gcoinne sáruithe leanúnacha i ndáil le sonraí pearsanta nó i gcoinne sáruithe comhchosúla i ndáil le sonraí pearsanta, féadfaidh bonn cirt a bheith ag baint le níos mó ama don chumarsáid.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!