úir 85
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(85) Mura dtéitear i ngleic le sárú i ndáil le sonraí pearsanta ar bhealach iomchuí tráthúil, d'fhéadfadh gurb é an toradh a bheadh air damáiste fisiciúil, ábhartha nó neamhabhartha do dhaoine nádúrtha amhail smacht ar a gcuid sonraí pearsanta a chailleadh, nó teorannú ar a gcearta, idirdhealú, goid aitheantais nó calaois aitheantais, caillteanas airgeadais, aisiompú neamhúdaraithe chur i bhfeidhm ainm bréige, damáiste don chlú, caillteanas rúndacht na sonraí pearsanta sin atá faoi chosaint de réir rúndacht ghairmiúil, nó aon mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta eile don duine nádúrtha lena mbaineann. Dá bhrí sin, a luaithe a bheidh an rialaitheoir ar an eolas faoi shárú a bheith déanta i ndáil le sonraí pearsanta, ba cheart don rialaitheoir fógra faoin sárú i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt don údarás maoirseachta, gan aon mhoill mhíchuí agus, i gcás inar féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis dó nó di eolas a fháil ina leith, maidir leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, ach amháin i gcás ina mbeidh an rialaitheoir in ann a thaispeáint, i gcomhréir le prionsabal na cuntasachta, nach dócha go mbeidh riosca ag gabháil leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha. I gcás nach féidir fógra den sórt sin a dhéanamh laistigh de 72 uair an chloig, ba cheart na cúiseanna leis an moill sin a chur leis an bhfógra, agus féadfar faisnéis a chur ar fáil i gcéimeanna gan tuilleadh moille míchuí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!