úir 78
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(78) Le cosaint ceart agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, ceanglaítear go ndéantar bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú go gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo. Chun a bheith in ann comhlíonadh an Rialacháin seo a thaispeáint, ba cheart don rialaitheoir beartais inmheánacha a ghlacadh agus bearta a chur chun feidhme lena gcomhlíontar go háirithe prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus prionsabal na cosanta sonraí mar réamhshocrú. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na bearta sin, inter alia, an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a laghdú, ainm bréige a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta a luaithe agus is féidir, trédhearcacht maidir le feidhmeanna agus próiseáil sonraí pearsanta, cur ar chumas an ábhair sonraí faireachán a dhéanamh ar phróiseáil na sonraí, cur ar chumas an rialaitheora gnéithe slándála a chruthú agus a fheabhsú. Agus feidhmchláir, seirbhísí agus táirgí á bhforbairt, á gceapadh, á roghnú agus á n-úsáid atá bunaithe ar phróiseáil sonraí pearsanta nó lena bpróiseáiltear sonraí pearsanta lena dtásc a chomhlíonadh, ba cheart táirgeoirí na dtáirgí, na seirbhísí agus na bhfeidhmchlár a spreagadh chun an ceart maidir le cosaint sonraí a chur san áireamh agus táirgí, seirbhísí agus feidhmchláir mar sin á bhforbairt agus á gceapadh acu, agus ba cheart aird chuí a thabhairt ar an úrscothacht, lena chinntiú go mbeidh rialaitheoirí agus próiseálaithe in ann a n-oibleagáidí maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh. Ba cheart prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú a chur san áireamh i gcomhthéacs tairiscintí poiblí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!