úir 77
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(77) Treoir maidir le bearta iomchuí a chur chun feidhme agus maidir lena thaispeáint go bhfuil siad á gcomhlíonadh ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, go háirithe i ndáil leis na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil a shainaithint, measúnú a dhéanamh orthu i dtéarmaí tionscnaimh, cineáil, dóchúlachta agus déine, agus na cleachtais is fearr a shainaithint leis an riosca a mhaolú, d'fhéadfaí an treoir sin a chur ar fáil go háirithe trí bhíthin cóid fhormheasta iompair, deimhniúcháin fhormheasta, treoirlínte a chuireann an Bord ar fáil nó trí bhíthin léirithe a chuireann an t-oifigeach cosanta sonraí ar fáil. Féadfaidh an Bord treoirlínte a eisiúint freisin maidir le hoibríochtaí próiseála a meastar nach mbeadh ardriosca ag gabháil leo i ndáil le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha agus féadfaidh siad freisin na bearta a léiriú a d'fhéadfadh a bheith leordhóthanach i gcásanna den sórt sin chun aghaidh a thabhairt ar riosca den sórt sin.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!