úir 68
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(68) Ionas go gcuirfear neart tuilleadh leis an smacht a bhíonn ag ábhar sonraí ar a chuid nó a cuid sonraí féin, i gcás go ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach uathoibrithe, ba cheart a cheadú freisin don ábhar sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi agus a chuir sé nó sí ar fáil do rialaitheoir i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann, atá inléite ag meaisín agus atá idir-inoibritheach a fháil, agus iad a tharchur chuig rialaitheoir eile. Ba cheart rialaitheoirí sonraí a spreagadh chun formáidí idir-inoibritheacha lena gcumasaítear iniomparthacht sonraí a fhorbairt. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceart sin i gcás gur ar bhonn a thoil nó a toil a chuir an t-ábhar sonraí na sonraí ar fáil nó más gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh a chomhlíonadh. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceart sin i gcás ina bhfuil próiseáil bunaithe ar fhoras dlíthiúil seachas toiliú nó conradh. Mar gheall ar chineál an chirt sin, níor cheart é a fheidhmiú i gcoinne rialaitheoirí a dhéanann sonraí pearsanta a phróiseáil agus a ndualgais phoiblí á bhfeidhmiú acu. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith aige i gcás ina bhfuil sé an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta riachtanach chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil ar faoina réir atá an rialaitheoir nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. Leis an gceart atá ag an ábhar sonraí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a tharchur nó a fháil, níor cheart oibleagáid a chruthú do na rialaitheoirí córais próiseála a ghlacadh nó a choimeád, ar córais iad atá comhoiriúnach ó thaobh na teicneolaíochta. Más rud é, i sraith áirithe de shonraí pearsanta, go bhfuil níos mó ná ábhar sonraí amháin i gceist, ba cheart an ceart sonraí pearsanta a fháil a bheith gan dochar do chearta agus do shaoirsí ábhair eile eile sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo. Thairis sin, níor cheart gur dhochar an ceart sin do cheart an ábhair sonraí go léirscriosfaí sonraí pearsanta ná do theorainneacha ar an gceart sin mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo agus níor cheart, go háirithe, é a bheith i gceist leis go léirscriosfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí, a chuir sé nó sí ar fáil chun conradh a chomhlíonadh a mhéid agus a fhad is a bheidh na sonraí pearsanta riachtanach chun an conradh sin a fheidhmiú. I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí go ndéanfaí na sonraí pearsanta a tharchur go díreach ó rialaitheoir amháin go rialaitheoir eile.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!