úir 67
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(67) I modhanna chun srian a chur leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta, d'fhéadfaí a áireamh, inter alia, na sonraí a roghnaítear a aistriú go sealadach chuig córas eile próiseála, rud a chuirfeadh na sonraí pearsanta a roghnaítear ar fáil d'úsáideoirí, nó na sonraí a foilsíodh a bhaint de shuíomh gréasáin ar bhonn sealadach. I gcórais chomhdúcháin uathoibrithe, is trí bhealach teicniúil ba cheart an srianadh ar phróiseáil sonraí pearsanta a áirithiú i bprionsabal ar shlí nach bhfuil na sonraí pearsanta faoi réir tuilleadh oibríochtaí próiseála agus nach féidir iad a athrú. Ba cheart a léiriú go soiléir sa chóras go bhfuil srian ar shonraí pearsanta a phróiseáil.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!