úir 66
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(66) Chun neart a chur leis an gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad sa timpeallacht ar líne, ba cheart an ceart go ndéanfaí léirscriosadh a leathnú amach freisin chun go mbeadh oibleagáíd ar rialaitheoir a bhfuil na sonraí pearsanta curtha ar fáil go poiblí aige aon naisc chuig na sonraí pearsanta sin, aon chóipeanna díobh agus aon mhacasamhlú orthu a léirscriosadh. Agus é ag déanamh amhlaidh, ba cheart don rialaitheoir sin bearta réasúnta a dhéanamh, agus an teicneolaíocht atá ar fáil dón rialaitheoir agus na modhanna atá ar fail dó, lena n-áirítear bearta teicniúla, á gcur san áireamh chun rialaitheoirí a phróiseálann sonraí pearsanta den sórt sin a chur ar an eolas faoi iarraidh an ábair sonraí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!