úir 65
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(65) Ba cheart an ceart a bheith ag ábhar sonraí go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a cheartú agus ba cheart "ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad" a bheith aige nó aici i gcás ina sáraíonn coinneáil sonra pearsanta í den sórt sin an Rialachán seo nó dlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir. Ba cheart, go háirithe, é a bheith de cheart ag s ábhar sonraí go léirscriosfaí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta agus nach ndéanfaí iad a phróiseáil a thuilleadh, mura bhfuil na sonraí pearsanta riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh iad nó ar chucu a próiseáladh iad ar bhealach eile, i gcás ina dtarraingíonn ábhar sonraí siar a thoiliú nó a toiliú nó ina ndéanann sé nó sí agóid i gcoinne phróiseáil na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi nó i gcás nach gcomhlíonann próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta an Rialachán seo ar bhealach eile. Tá an ceart sin ábhartha go háirithe nuair atá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí agus é nó í ina leanbh nach bhfuil láneolach ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil, agus go bhfuil sé nó sí ag iarraidh sonraí pearsanta den sórt sin a bhaint níos moille, go háirithe ón idirlíon. Ba cheart don ábhar sonraí a bheith in ann an ceart sin a fheidhmiú d'ainneoin nach leanbh é nó í a thuilleadh. Ba cheart, áfach, é a bheith dleathach na sonraí pearsanta a choinneáil tuilleadh i gcás gur gá sin le haghaidh fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, le haghaidh oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, le haghaidh cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, ar fhorais a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí, chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!