úir 60
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(60) Ceanglaítear le prionsabal na próiseála cothroime agus le prionsabal na próiseála trédhearcaí an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin oibríocht phróiseála a bheith ann agus faoi chríocha na próiseála sin. Ba cheart don rialaitheoir aon fhaisnéis bhreise is gá a sholáthar don ábhar sonraí chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú agus na himthosca sonracha agus an chomhthéacs sonrach a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil iontu á gcur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi phróifíliú a bheith ann agus faoi iarmhairtí próifílithe den sórt sin. I gcás ina mbailítear na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, ba cheart an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas freisin faoi cibé an bhfuil sé d'oibleagáid air nó uirthi na sonraí pearsanta a sholáthar agus faoi na hiarmhairtí a bheadh ann sa chás nach soláthraíonn sé nó sí sonraí den sórt sin. Féadfar an fhaisnéis sin a sholáthar in éineacht le deilbhíní caighdeánaithe chun forléargas suntasach ar an bpróiseáil atá beartaithe a thabhairt ar dhóigh atá sofheicthe go héasca, intuisceana agus inléite go soiléir. I gcás ina ndéantar na deilbhíní a chur i láthair go leictreonach, ba cheart iad a bheith inléite ag meaisín.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!