úir 51
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(51) Tá cosaint ar leith dlite do shonraí pearsanta ar de chineál fíor-íogair iad maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha, toisc go bhféadfaí rioscaí suntasacha a chruthú do na cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha mar thoradh ar chomhthéacs a bpróiseála. Ba cheart a áireamh ar na sonraí pearsanta sin sonraí pearsanta lena nochttar tionscnamh ciníoch nó eitneach, ar an tuiscint nach é an bhrí a bhainfear as úsáid an téarma "tionscnamh eitneach" sa Rialachán seo go nglactar san Aontas le teoiricí lena ndéantar iarracht a chinneadh gur ann do chiníocha daonna ar leith. Níor cheart a mheas go córasach gur próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta atá i bpróiseáil grianghraf ós rud é go gcumhdaítear iad leis an sainmhíniú ar shonraí bithmhéadracha sa chás nuar a dhéantar iad a phróiseáil trí mhodh sonrach teicniúil lena gceadaítear sainaithint uathúil nó fíordheimhniú uathúil duine nádúrtha agus sa chás sin amháin. Níor cheart sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ach amháin má cheadaítear an phróiseáil i gcásanna sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo, ag cur san áireamh gur féidir forálacha sonracha a leagan síos i ndlí an Bhallstáit sin maidir le cosaint sonraí d'fhonn cur i bhfeidhm na rialacha sa Rialachán seo a chur in oiriúint chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. I dteannta na gceanglas sonrach maidir le próiseáil den sórt sin, ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail ghinearálta agus ag na rialacha eile atá sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis na coinníollacha i ndáil le próiseáil dhleathach. Maoluithe ón toirmeasc ginearálta chun catagóirí speisialta sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite dóibh, inter alia, i gcás ina dtugann an t-ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú sainráite nó maidir le riachtanais shonracha, go háirithe i gcás ina ndéanann comhlachais nó fondúireachtaí áirithe an phróiseáil le linn gníomhaíochtaí dlisteanacha arb é is críoch dóibh go gceadaítear saoirsí bunúsacha a fheidhmiú.
=> Airteagal: 4

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!