úir 47
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(47) Le leasanna dlisteanacha rialaitheora, lena n-áirítear leasanna dlisteanacha rialaitheora a bhféadfar sonraí pearsanta a nochtadh dó, nó le leasanna dlisteanacha tríú páirtí, féadfar bunús dlí a thabhairt don phróiseáil, ar choinníoll nach mbeadh sáraíocht ag leasanna nó cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí orthu, agus aird á tabhairt ar ionchais réasúnta na n-ábhar sonraí bunaithe ar a gcaidreamh a leis an rialaitheoir. D'fhéadfadh leas dlisteanach den sórt sin a bheith ann mar shampla i gcás ina bhfuil caidreamh ábhartha iomchuí idir an t-ábhar sonraí agus an rialaitheoir i gcásanna amhail gur cliant den rialaitheoir an t-ábhar sonraí nó go bhfuil an t-ábhar sonraí i seirbhís an rialaitheora. Ar aon chuma, chaithfí measúnú cúramach a dhéanamh ar aon leas dlisteanach a bheadh ann, lena n-áirítear a mheas an bhféadfadh an t-ábhar sonraí a bheith ag súil leis go réasúnta tráth bhailiú na sonraí pearsanta agus i gcomhthéacs bhailiú na sonraí pearsanta go bhféadfaí próiseáil a dhéanamh chun na críche sin. D'fhéadfadh sáraíocht a bheith ag leasanna bunúsacha agus ag cearta bunúsacha an ábhair sonraí ar leas an rialaitheora sonraí i gcás ina ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil in imthosca nach mbeadh na hábhair sonraí ag súil leis go ndéanfaí tuilleadh próiseála iontu. Ós rud é gur faoin reachtóir atá sé foráil a dhéanamh le dlí maidir leis an mbunús dlí atá ag údaráis phoiblí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, níor cheart feidhm a bheith ag an mbunús dlí sin maidir le leas dlisteanach an rialaitheora i ndáil le próiseáil ag údaráis phoiblí i bhfeidhmiú a gcúraimí. Maidir le próiseáil ar shonraí pearsanta a bhfuil dianghá leo chun cosc a chur ar chalaois, is leas dlisteanach de chuid an rialatheora lena mbaineann é an leas sin. Féadfar próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na margaíochta dírí a mheas mar phróiseáil a dhéantar ar mhaithe le leas dlisteanach.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!