úir 45
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(45) I gcás ina ndéantar próiseáil i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó i gcás ina bhfuil gá le próiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil, ba cheart bunús a bheith ag an bpróiseáil i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit. Ní cheanglaítear leis an Rialachán seo dlí sonrach a bheith ann do gach próiseáil ar leith. D'fhéadfadh sé gur leor dlí mar bhunús d'oibríochtaí éagsúla próiseála ar bhonn oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil. Ba cheart freisin gur faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bheadh sé críoch na próiseála a chinneadh. Thairis sin, d'fhéadfadh an dlí sin coinníollacha ginearálta an Rialacháin seo a shonrú lena rialaítear dlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta, na sonraíochtaí a bhunú lena gcinntear an rialaitheoir, cineál na sonraí pearsanta atá faoi réir na próiseála, na hábhair sonraí lena mbaineann, na heintitis a bhféadfar na sonraí pearsanta a nochtadh dóibh, na teorannuithe de réir cuspóra, an tréimhse stórála agus bearta eile chun próiseáil dhleathach chothrom a áirithiú. Ba cheart gur faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bheadh sé cinneadh a dhéanamh freisin maidir le cé acu ar cheart don rialaitheoir a chuireann cúram i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil a bheith mar údarás poiblí nó mar dhuine nádúrtha nó dlítheanach eile a rialaítear faoin dlí poiblí, nó, i gcás inarb é ar mhaithe le leas an phobail déanamh amhlaidh, lena n-áirítear chun críocha sláinte, amhail sláinte phoiblí agus cosaint shóisialta agus bainistiú seirbhísí cúraim sláinte, faoin dlí príobháideach, amhail comhlachas gairmiúil.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!