úir 39
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(39) Ba cheart aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bheith dleathach agus cothrom. Ba cheart é a bheith trédhearcach do dhaoine nádúrtha go ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leo a bhailiú, a úsáid, a cheadú nó go ndéantar iad a phróiseáil ar bhealach eile agus a mhéid a dhéantar na sonraí a phróiseáil nó a dhéanfar iad a phróiseáil. Ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta go mbeadh sé éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis agus ar aon chumarsáid a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta sin agus go mbeadh sé éasca an fhaisnéis sin agus an chumarsáid sin a thuiscint, agus go ndéanfaí teanga shoiléir shimplí a úsáid. Baineann an prionsabal sin, go háirithe, le faisnéis a thugtar do na hábhair sonraí maidir le céannacht an rialaitheora agus le críocha na próiseála agus le faisnéis bhreise chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú i ndáil leis na daoine nádúrtha lena mbaineann agus a gceart dearbhú agus teachtaireacht a fháil i ndáil leis na sonraí pearsanta a bhaineann leo agus atá á bpróiseáil. Ba cheart daoine nádúrtha a chur ar an eolas faoi rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus faoin mbealach lena gcearta a fheidhmiú i ndáil le próiseáil den sórt sin. Ba cheart, go háirithe, do na críocha sonracha ar chucu a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil a bheith lánsoiléir agus dlisteanach agus ba cheart iad a chinneadh tráth bhailiú na sonraí pearsanta. Ba cheart na sonraí pearsanta a bheith leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na gcríoch a ndéantar iad a phróiseáil ina leith. Éilítear leis seo, go háirithe, go ndéantar a áirithiú go bhfuil an tréimhse a stóráiltear na sonraí pearsanta lena linn teoranta go dtí íosmhéid dhocht. Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ach mura bhféadfaí críoch na próiseála a bhaint amach go réasúnta ar bhealach eile. Chun a áirithiú nach gcoinnítear na sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá, ba cheart don rialaitheoir teorainneacha ama a shocrú don léirscriosadh nó chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh. Ba cheart gach beart réasúnta a dhéanamh chun a áirithiú go gceartaítear nó go scriostar sonraí pearsanta míchruinne. Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil agus rúndacht iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear chun cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta nó ar úsáid neamhúdaraithe sonraí pearsanta agus an trealamh a úsáidtear leis an bpróiseáil a dhéanamh.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!