úir 38
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(38) Tá cosaint ar leith dlite do leanaí i dtaca lena sonraí pearsanta toisc go bhféadfar nach bhfuil siad chomh heolach sin ar na rioscaí, na hiarmhairtí agus na coimircí lena mbaineann ná ar a gcearta féin i ndáil lena sonraí pearsanta a phróiseáil. Ba cheart feidhm a bheith ag cosaint ar leith den sórt sin, go háirithe, le húsáid sonraí pearsanta leanaí chun críocha na margaíochta nó chun próifílí pearsantachta nó úsáideora a chruthú agus sonraí pearsanta i ndáil le leanaí a bhailiú agus seirbhísí atá á dtairiscint go díreach do leanbh á n-úsáid. Níor cheart é a bheith riachtanach toiliú shealbhóir na freagrachta tuismitheora a fháil i gcomhthéacs seirbhísí coisctheacha nó comhairliúcháin a thairgtear go díreach do leanbh.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!