úir 36
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(36) Ba cheart gurb é an áit a bhfuil a riarachán lárnach san Aontas ag rialaitheoir príomhbhunaíocht an rialaitheora san Aontas, murar i mbunaíocht eile de chuid an rialaitheora san Aontas a ghlactar na cinntí maidir le críocha agus modhanna phróiseáil na sonraí pearsanta, agus sa chás sin ba cheart an bhunaíocht eile sin a mheas mar an phríomhbhunaíocht. Ba cheart príomhbhunaíocht de chuid rialaitheora san Aontas a chinneadh de réir critéir oibiachtúla agus, tríd an gcinneadh sin, ba cheart a thabhairt le tuiscint gur inti a dhéantar feidhmiú éifeachtach agus iarbhír na ngníomhaíochtaí bainistíochta lena ndéantar na príomhchinntí maidir le críocha agus modhanna na próiseála trí shocruithe cobhsaí. Níor cheart don chritéar sin a bheith ag brath ar cibé an ndéantar an phróiseáil ar shonraí pearsanta ag an áit sin. Má tá modhanna teicniúla agus teicneolaíochtaí ann agus in úsáid chun sonraí pearsanta a phróiseáil nó chun gníomhaíochtaí próiseála a dhéanamh, ní hionann sin is a rá gur príomhbhunaíocht an áit sin agus, dá bhrí sin, ní critéir chinntitheacha iad sin maidir le príomhbhunaíocht. Ba cheart an áit ina bhfuil a riarachán lárnach san Aontas príomhbhunaíocht an phróiseálaí nó, mura bhfuil aon riarachán lárnach aige san Aontas, ba cheart gurbh í an áit ina ndéantar na príomhghníomhaíochtaí próiseála san Aontas. I gcásanna a bhaineann leis an rialaitheoir agus leis an bpróiseálaí araon, ba cheart gurb é an príomhúdarás inniúil maoirseachta i gcónaí údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht ag an rialaitheoir, ach ba cheart údarás maoirseachta an phróiseálaí a mheas mar údarás maoirseachta lena mbaineann agus ba cheart don údarás maoirseachta sin a bheith rannpháirteach sa nós imeachta comhair dá bhforáiltear sa Rialachán seo. In aon chás, níor cheart údaráis mhaoirseachta an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil bunaíocht amháin nó níos mó ag an bpróiseálaí a mheas mar na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann. I gcás inar leis an rialaitheoir amháin a bhaineann an dréachtchinneadh. I gcás ina ndéanann grúpa gnóthas an phróiseáil, ba cheart príomhbhunaíocht an ghnóthais rialaithigh a mheas mar phríomhbhunaíocht an ghrúpa gnóthas, seachas i gcás ina gcinneann gnóthas eile na críocha agus na modhanna próiseála.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!