úir 34
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(34) Ba cheart sonraí géiniteacha a shainmhíniú mar shonraí pearsanta a bhaineann le tréithe géiniteacha duine nádúrtha a fuarthas le hoidhreacht nó a fuarthas mar thoradh ar anailís a rinneadh ar shampla bitheolaíoch a tógadh ón duine nádúrtha atá i gceist, go háirithe anailís chrómasómach, anailís ar aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN) nó anailís ar aigéad ribeanúicléasach (RNA), nó mar thoradh ar an anailís ar aon ghné eile lena bhféadfar faisnéis choibhéiseach a fháil.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!