úir 32
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(32) Ba cheart toiliú a thabhairt trí ghníomh soiléir dearfach lena mbunaítear cur in iúl a thugann a t-ábhar sonraí faoi shaoirse agus atá sonrach, feasach agus gan athbhrí á rá go n-aontaíonn an t-ábhar sonraí le sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a phróiseáil, amhail trí ráiteas scríofa, lena n-áirítear trí mheán leictreonach, nó ráiteas ó bhéal. D'fhéadfaí go n-áireofaí air sin tic a chur i mbosca nuair a thugtar cuairt ar shuíomh gréasáin idirlín, socruithe teicniúla a roghnú do sheirbhísí na sochaí faisnéise nó trí ráiteas nó iompar eile lena gcuirtear in iúl go soiléir sa chomhthéacs sin go dtoilíonn an t-ábhar sonraí leis an bpróiseáil atá beartaithe a dhéanamh ar a shonraí pearsanta nó ar a sonraí pearsanta. Dá bhrí sin, níor cheart gurbh ionann agus toiliú iad tost, boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré nó neamhghníomhaíocht. Ba cheart don toiliú gach gníomhaíocht próiseála arna déanamh chun na críche céanna nó chun na gcríoch céanna a chumhdach. I gcás ina bhfuil an iliomad críoch leis an bpróiseáil, ba cheart toiliú a thabhairt dóibh uile. Má tá an t-ábhar sonraí le toiliú leis an bpróiseáil tar éis iarraidh trí mheán leictreonach a fháil chuige sin, ní mór don iarraidh sin a bheith soiléir achomair agus níor cheart di cur isteach barraíocht ar úsáid na seirbhíse ar ina leith a tugadh an toiliú.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!