úir 31
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(31) Údaráis phoiblí a nochtar sonraí pearsanta dóibh i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil maidir le feidhmiú a misin oifigiúil, amhail údaráis chustaim agus chánach, aonaid imscrúdúcháin airgeadais, údaráis neamhspleácha riaracháin, nó údaráis de chuid an mhargaidh airgeadais atá freagrach as rialáil agus as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí urrús, níor cheart a mheas gur faighteoirí iad má fhaigheann siad sonraí pearsanta a theastaíonn chun fiosrúchán ar leith a dhéanamh ar mhaithe leis an leas ginearálta, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit. Aon iarrataí a sheolfaidh údaráis phoiblí, ba cheart iad a bheith i gcónaí i scríbhinn, réasúnaithe agus ócáideach i gcónaí agus níor cheart córas comhdúcháin ina iomláine a bheith i gceist leo ná níor cheart idirnascadh córas comhdúcháin a bheith mar thoradh orthu. An phróiseáil a dhéanann na húdaráis phoiblí sin ar shonraí pearsanta, ba cheart di na rialacha cosanta sonraí is infheidhme de réir chríocha na próiseála a chomhlíonadh.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!