úir 19
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(19) Maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, tá an chosaint sin agus an tsaorghluaiseacht sin faoi réir gníomh dlí sonrach de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar chun na gcríoch sin. Mar sin féin, aon sonraí pearsanta a phróiseálann údaráis phoiblí faoin Rialachán seo, nuair a úsáidtear iad chun na gcríoch sin, ba cheart iad a rialú le gníomh dlí is sonraí de chuid an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile a thabhairt d'údaráis inniúla de réir bhrí Threoir (AE) 2016/680, ar cúraimí iad nach gá a chur i gcrích chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-airítear chun coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, ionas go mbeidh na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun na gcríoch eile sin, sa mhéid go bhfuil sí faoi raon feidhme dhlí an Aontais, faoi raon feidhme an Rialacháin seo. I gcás na próiseála a dhéanann na húdaráis inniúla sin ar shonraí pearsanta chun críocha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann forálacha níos sonraí a choimeád nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann leis an Rialachán seo a chur in oiriúint. Féadfar ceanglais níos cruinne agus níos sonraí a chinneadh le forálacha den sórt sin don phróiseáil a dhéanann na húdaráis inniúla sin ar shonraí pearsanta chun na gcríoch eile sin, agus struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit faoi leith á chur san áireamh. I gcás ina dtagann an phróiseáil a dhéanann comhlachtaí príobháideacha ar shonraí pearsanta faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo go bhféadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha sonracha, srian a chur, de réir dlí, le hoibleagáidí áirithe agus le cearta áirithe nuair is beart riachtanach, comhréireach é srian den sórt sin, i sochaí dhaonlathach, chun leasanna sonracha tábhachtacha, lena n-áirítear an tslándáil phoiblí, a choimirciú, agus chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc. Tá an méid sin ábhartha, cuir i gcás, i gcreat an chomhraic i gcoinne sciúradh airgid nó i gcomhthéacs gníomhaíochtaí saotharlann fóiréinseach.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!