úir 166
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(166) Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, eadhon cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Go háirithe, ba cheart gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i ndáil le critéir agus le ceanglais maidir le sásraí deimhniúcháin, le faisnéis atá le léiriú trí dheilbhíní caighdeánaithe agus le nósanna imeachta maidir leis na deilbhíní sin a chur ar fáil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach tráthúil iomchuí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!