úir 150
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(150) Chun pionóis riaracháin a neartú agus a chomhchuibhiú le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a bheith ag gach údarás maoirseachta fíneálacha riaracháin a ghearradh. Ba cheart a léiriú sa Rialachán seo sáruithe agus an uasteorainn agus na critéir chun na fíneálacha riaracháin a bhaineann leo a shocrú, ar cheart don údarás maoirseachta inniúil iad a chinneadh i ngach cás aonair, agus na himthosca ábhartha uile den staid shonrach á gcur san áireamh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar chineál, ar thromaíocht agus ar fhad an tsáraithe agus ar a iarmhairtí agus ar na bearta a dhéantar chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus chun iarmhairtí an tsáraithe a chosc nó a mhaolú. I gcás ina ngearrtar fíneálacha riaracháin ar ghnóthas, ba cheart gnóthas a thuiscint mar ghnóthas i gcomhréir le hAirteagal 101 agus le hAirteagal 102 CFAE chun na gcríoch sin. I gcás ina ngearrtar fíneálacha riaracháin ar dhaoine nach gnóthas iad, ba cheart don údarás maoirseachta aird a thabhairt ar an leibhéal ginearálta ioncaim sa Bhallstát chomh maith le staid eacnamaíoch an duine agus méid iomchuí na fíneála á mheas aige. Féadfar an sásra comhsheasmhachta a úsáid freisin chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach fíneálacha riaracháin a chur chun cinn. Ba cheart gur faoin mBallstát a bheadh sé cinneadh a dhéanamh ar cheart d'údaráis phoiblí a bheith faoi réir fíneálacha riaracháin agus a mhéid ba cheart dóibh a bheith faoi réir na bhfíneálacha sin. Le fíneáil riaracháin a ghearradh nó le foláireamh a thabhairt, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm cumhachtaí eile de chuid na n-údarás maoirseachta ná do chur i bhfeidhm pionós eile faoin Rialachán seo.
=> Airteagal: 4

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!