úir 15
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(15) Chun nach gcruthófaí riosca tromchúiseach go dtarlódh imchéimniú, ba cheart daoine nádúrtha a chosaint ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus níor cheart don chosaint sin a bheith ag brath ar na teicníochtaí atá in úsáid; dá ndéanfaí a mhalairt,. Ba cheart daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe agus de láimh, sa chás ina bhfuil na sonraí pearsanta á gcoinneáil i gcóras comhdúcháin nó má tá sé i gceist na sonraí a choinneáil i gcóras den sórt sin. Níor cheart do chomhaid nó do shraitheanna de chomhaid mar aon lena leathanaigh chumhdaigh, nach bhfuil struchtúraithe de réir critéir shonracha, teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!