úir 148
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(148) D'fhonn forfheidhmiú rialacha an Rialacháin seo a neartú, ba cheart pionóis, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin, a fhorchur má dhéantar aon sárú ar an Rialachán, de bhreis ar na bearta iomchuí sin a fhorchuireann an t-údarás maoirseachta de bhun an Rialacháin seo nó in ionad na mbeart sin. I gcás mionsáruithe nó más rud é go mbeadh an fhíneáil ar dóigh go bhforchuirfí ina ualach díréireach ar dhuine nádúrtha, féadfar iomardú a eisiúint in ionad fíneála. Mar sin féin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe, ar ghné intinniúil an tsáraithe, ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun an damáiste a fulaingíodh a mhaolú, ar mhéid freagrachta nó ar aon sáruithe ábhartha roimhe sin, ar an mbealach ina bhfuair an t-údarás maoirseachta eolas faoin sárú, ar chomhlíonadh na mbeart a ordaíodh i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí, ar chloí le cód iompair agus ar aon ghné ghéaraitheach nó aon ghné mhaolaitheach eile. Ba cheart forchur pionós, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin, a bheith faoi réir coimircí iomchuí nós imeachta i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus i gcomhréir leis an gCairt, lena n-áirítear cosaint éifeachtach bhreithiúnach agus próis chuí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!