úir 144
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(144) I gcás ina bhfuil cúis ag cúirt ar tugadh imeachtaí os a comhair i gcoinne cinneadh ó údarás maoirseachta le creidiúint go bhfuil imeachtaí maidir leis an bpróiseáil chéanna, amhail an t-ábhar céanna maidir le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, nó an chúis chéanna chaingne, á dtabhairt os comhair cúirt inniúil i mBallstát eile, ba cheart di dul i dteagmháil leis an gcúirt sin le dearbhú go bhfuil imeachtaí gaolmhara den sórt sin ann. Más rud é go bhfuil imeachtaí gaolmhara ar feitheamh os comhair cúirt i mBallstát eile, féadfaidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí nó féadfaidh sí, arna iarraidh sin ag ceann de na páirtithe, dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin ar tugadh imeacht os a comhair más rud é go bhfuil dlínse i leith na n-imeachtaí atá i gceist ag an gcúirt sin agus go gceadaítear faoina dlí imeachtaí gaolmhara den sórt sin a chomhdhlúthú. Meastar imeachtaí a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu le chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile chun an baol a sheachaint go dtabharfaí breithiúnais bunoscionn le chéile dá mbeadh imeachtaí ar leithligh ann.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!