úir 143
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(143) Tá an ceart ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach caingean a thionscnamh chun cinntí de chuid an Bhoird a neamhniú os comhair na Cúirt Breithiúnais faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 263 CFAE. Mar sheolaithe cinntí den sórt sin, ní mór do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann, ar mian leo agóid a dhéanamh in aghaidh na gcinntí, caingean a thionscnamh laistigh de dhá mhí tar éis fógra a fháil fúthu, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE. I gcás chinntí an Bhoird a bhfuil baint dhíreach phearsanta acu le rialaitheoir, próiseálaí nó an gearánach, féadfaidh an gearánach sin caingean a thionscnamh le haghaidh neamhniú i gcoinne na gcinntí sin agus ba cheart dóibh amhlaidh a dhéanamh laistigh de dhá mhí tar éis a fhoilsithe ar shuíomh gréasáin an Bhoird, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE. Gan dochar don cheart sin faoi Airteagal 263 CFAE, ba cheart leigheas éifeachtach breithiúnach a bheith ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach os comhair na cúirte náisiúnta inniúla in aghaidh cinneadh ó údarás maoirseachta a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige a bhaineann leis an duine sin. Baineann cinneadh den sórt sin go háirithe le feidhmiú cumhachtaí imscrúdaitheacha, ceartaitheacha agus údaraithe ag an údarás maoirseachta nó le gearáin a dhíbhe nó a dhiúltú. Mar sin féin, ní chuimsítear leis an gceart an chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil bearta a dhéanann údaráis mhaoirseachta nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí de, amhail tuairimí a d'eisigh an t-údarás maoirseachta nó comhairle a thug sé. Ba cheart imeachtaí i gcoinne údarás maoirseachta a thabhairt os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás maoirseachta bunaithe agus ba cheart iad a dhéanamh i gcomhréir le dlí nós imeachta an Bhallstáit sin. Ba cheart do na cúirteanna sin dlínse iomlán a fheidhmiú ar cheart a bheith ar áireamh inti dlínse chun scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna uile fírice agus dlí atá ábhartha maidir leis an díospóid atá os a gcomhair. Má dhéanann údarás maoirseachta gearán a dhiúltú nó a dhíbhe, féadfaidh an gearánach imeachtaí a thionscnamh os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát céanna. I gcomhthéacs na leigheasanna breithiúnacha a bhaineann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, is iad na cúirteanna náisiúnta a mheasann go bhfuil gá le cinneadh maidir leis an gceist ionas go bhféadfaidís breithiúnas a thabhairt, féadfaidh siad, nó sa chás dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, ní mór dóibh, a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt ar léiriú dhlí an Aontais, lena n-áirítear an Rialachán seo. Thairis sin, i gcás ina ndéantar cinneadh ó údarás maoirseachta lena gcuirtear chun feidhme cinneadh an Bhoird a agóid os comhair cúirt náisiúnta agus i gcás ina bhfuil bailíocht chinneadh an Bhoird faoi shaincheist, níl sé de chumhacht ag an gcúirt náisiúnta sin a dhearbhú go bhfuil cinneadh an Bhoird neamhbhailí agus ní mór di ceist na bailíochta a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le Airteagal 267 CFAE arna leiriú ag an gCúirt Bhreithiúnais é, i gcás ina measann sí an cinneadh a bheith neamhbhailí. Mar sin féin, ní fhéadfaidh cúirt náisiúnta ceist faoi bhailíocht chinneadh an Bhoird a tharchur ar iarraidh ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a raibh an deis aige nó aici caingean a thabhairt ar mhaithe leis an gcinneadh sin a chur ar neamhní, go háirithe más rud é gur bhain an cinneadh sin leis nó léi go díreach nó go leithleach, ach nach ndearna sé nó sí amhlaidh laistigh den tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 263 CFAE.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!