úir 14
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(14) Ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint a bhfuil foráil déanta ina leith sa Rialachán seo maidir le daoine nádúrtha, is cuma cén náisiúntacht atá acu nó cén áit a bhfuil cónaí orthu, i ndáil leis an bpróiseáil a dhéantar ar a sonraí pearsanta. Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann le daoine dlítheanacha agus go háirithe le gnóthais a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil acu, lena n-áirítear ainm agus foirm an duine dhlítheanaigh agus sonraí teagmhála an duine dhlítheanaigh.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!