úir 129
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(129) D'fhonn faireachán agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart na cúraimí céanna agus na cumhachtaí éifeachtacha céanna a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta i ngach Ballstát, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaithe, cumhachtaí ceartaitheacha agus pionóis, agus cumhachtaí údaraithe agus comhairliúcháin, go háirithe i gcásanna gearán ó dhaoine nádúrtha, agus gan dochar do chumhachtaí na n-údarás ionchúisimh faoi dhlí Ballstáit, chun na húdaráis bhreithiúnacha a chur ar an eolas faoi aon sárú a dhéantar ar an Rialachán seo agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh. Ba cheart a áireamh ar chumhachtaí den sórt sin freisin an chumhacht teorainn shealadach nó teorainn bhuan, lena n-áirítear toirmeasc, a fhorchur ar phróiseáil. Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile a shonrú a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. Maidir leis na cumhachtaí sin atá ag na húdaráis mhaoirseachta, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le coimircí iomchuí nós imeachta a leagtar amach i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit, ar bhealach atá neamhchlaon agus cóir agus laistigh de thréimhse réasúnach ama. Ba cheart, go háirithe, gach beart a bheith iomchuí, riachtanach agus comhréireach d'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar dhálaí gach cáis faoi leith, an ceart atá gach duine chun éisteacht a fháil a urramú sula nglactar aon bheart aonair a dhéanfadh dochar dó nó di agus costais iomarcacha agus míchaoithiúlachtaí thar meán a sheachaint do na daoine lena mbaineann. Ba cheart cumhachtaí imscrúdaithe a bhaineann le rochtain ar áitreabh a fheidhmiú i gcomhréir le ceanglais shonracha i ndlí nós imeachta Ballstáit, amhail an ceanglas maidir le réamhúdarú breithiúnach a fháil. Maidir le gach beart a dhéanann an t-údarás maoirseachta atá ceangailteach de réir dlí, ba cheart dó a bheith i scríbhinn agus a bheith soiléir agus gan athbhrí, ba cheart a shonrú leis an t-údarás maoirseachta a d'eisigh an beart agus dáta eisiúna an bhirt, ba cheart é a bheith sínithe ag ceannaire an údaráis mhaoirseachta nó ag comhalta de chuid an údaráis mhaoirseachta arna údarú ag an gceannaire, ba cheart na cúiseanna leis an mbeart a thabhairt, agus ba cheart freisin tagairt a dhéanamh don cheart chun leigheas éifeachtach a fháil. Níor cheart, leis an méid sin, cosc a chur ar cheanglais bhreise de bhun dlí nós imeachta Ballstáit. Le cinneadh ceangailteach de réir dlí a ghlacadh, tugtar le tuiscint go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le hathbhreithniú breithiúnach i mBallstát an údaráis mhaoirseachta a ghlac an cinneadh.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!