úir 127
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(127) Maidir le gach údarás maoirseachta nach bhfeidhmíonn mar an príomhúdarás maoirseachta, ba cheart dó a bheith inniúil chun cásanna áitiúla a láimhseáil, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, ach nach mbaineann ábhar an phróiseála shonraigh ach leis an bpróiseáil a dhéantar i mBallstát aonair agus nach mbaineann an phróiseáil ach le hábhair sonraí sa Bhallstát aonair sin, mar shampla, i gcás ina mbaineann an t-ábhar le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil i gcomhthéacs sonrach fostaíochta Ballstáit. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don údarás maoirseachta an príomhúdarás maoirseachta a chur ar an eolas faoin ábhar gan mhoill. Tar éis dó a bheith curtha ar an eolas, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta a chinneadh cé acu an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil de bhun na forála maidir le comhar idir an príomhúdarás maoireachta agus an t-údarás maoireachta eile lena mbaineann ("an sásra maidir le hionaid ilfhreastail"), nó ar cheart don údarás maoirseachta a chuir ar an eolas é an cás a láimhseáil ar an leibhéal áitiúil. Agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta a chur san áireamh an bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i mBallstát an údaráis mhaoirseachta a chuir ar an eolas é, d'fhonn forfheidhmiú éifeachtach cinnidh i leith an rialaitheora nó an phróiseálaí a áirithiú. I gcás ina gcinneann an príomhúdarás maoirseachta go ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil, ba cheart an deis a bheith ag an údarás maoirseachta a chuir ar an eolas é dréacht le haghaidh cinnidh a thíolacadh, agus ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta lánaird a thabhairt ar an dréacht sin agus a dhréachtchinneadh á ullmhú aige faoi chuimsiú an tsásra sin maidir le hionaid ilfhreastail.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!