úir 111
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(111) Ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaí sonraí a aistriú i gcúinsí áirithe i gcás ina bhfuil toiliú sainráite tugtha ag an ábhar sonraí, i gcás ina bhfuil an t-aistriú ócáideach agus riachtanach i ndáil le conradh nó le héileamh dlíthiúil, bíodh sin i nós imeachta breithiúnach nó ná bíodh, nó bíodh sé i nós imeachta riaracháin nó in aon nós imeachta lasmuigh den chúirt nó ná bíodh, lena n-áirítear nósanna imeachta os comhair comhlachtaí rialála. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin go bhféadfaí sonraí a aistriú i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le forais thábhachtacha leasa phoiblí a leagtar síos le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó i gcás ina ndéantar an t-aistriú ó chlár arna bhunú le dlí agus a bheartaítear chun go bhféadfaidh an pobal nó daoine a bhfuil leas dlisteanach acu é a cheadú. Sa chás deireanach sin, níor cheart aistriú den sórt sin a bheith ag baint leis na sonraí pearsanta ina n-iomláine ná le catagóirí iomlána na sonraí atá sa chlár agus, i gcás ina mbeartaítear go bhféadfaidh daoine a bhfuil leas dlisteanach acu an clár a cheadú, níor cheart an t-aistriú a dhéanamh ach arna iarraidh sin do na daoine sin nó más iad siúd atá le bheith ina bhfaighteoirí, agus lán-aird á tabhairt ar leasanna agus ar chearta bunúsacha an ábhair sonraí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!