úir 102
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(102) Tá an Rialachán seo gan dochar do chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha a rialaíonn aistriú sonraí pearsanta, lena n-áirítear coimircí iomchuí do na hábhair sonraí. Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích a bhfuil aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta mar chuid díobh, fad nach ndéanann comhaontuithe den sórt sin difear don Rialachán seo ná d'aon fhorálacha eile de chuid dhlí an Aontais agus go n-áirítear leo leibhéal leordhóthanach cosanta do chearta bunúsacha na n-ábhar sonraí do na sonraí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!