úir 10
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(10) Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud an Aontais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil, chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit forálacha náisiúnta a choimeád nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm na rialacha atá sa Rialachán seo a shonrú tuilleadh. I gcomhar leis an dlí ginearálta agus cothrománach maidir le cosaint sonraí lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme, tá roinnt dlíthe earnáil-shonracha ag na Ballstáit i réimsí ina bhfuil gá le forálacha níos sonraí. Déantar foráil sa Rialachán seo freisin go mbeadh lamháil solúbthachta ag na Ballstáit chun a rialacha a shainiú, lena n-áirítear a rialacha a shonrú maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta ("sonraí íogaire") a phróiseáil. Sa mhéid sin, ní eisiann an Rialachán seo dlí Ballstáit lena leagtar amach na dálaí le haghaidh cásanna sonracha próiseála, lena n-áirítear na coinníollacha a chinneadh ar bhealach níos cruinne faoina bhfuil an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta dlíthiúil.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!