THE CHAPTERS 6 und 7 ARE RELEVANT FOR THE AUTHORITIES (Articles 51-76)


Airteagal 54
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"Rialacha maidir leis an údarás maoirseachta a bhunú"

1. Forálfaidh gach Ballstát le dlí do gach ceann den mhéid seo a leanas:
(a) bunú gach údaráis mhaoirseachta;
(b) cáilíochtaí agus coinníollacha incháilitheachta atá riachtanach le bheith ceaptha mar chomhalta de gach údarás maoirseachta;
(c) na rialacha agus na nósanna imeachta chun comhalta nó comhaltaí gach údaráis mhaoirseachta a cheapadh;
(d) fad an téarma don chomhalta nó do chomhaltaí gach údaráis mhaoirseachta, téarma nach lú ná ceithre bliana, seachas i gcás an chéad cheapacháin tar éis an 24 Bealtaine 2016, arbh fhéidir tréimhse níos gairide a bheith i gceist le cuid de sa chás inar gá sin chun neamhspleáchas an údaráis mhaoirseachta a chosaint trí nós imeachta ceapacháin a bheidh agaithe;
(e) na téarmaí athcheapacháin a d'fhéadfadh comhalta nó comhaltaí gach údaráis mhaoirseachta a bheith incháilithe lena n-aghaidh, agus, i gcás ina mbeidh sé nó siad incháilithe, líon na dtéarmaí; agus
(f) na coinníollacha lena rialaítear oibleagáidí comhalta nó comhaltaí agus foireann gach údaráis mhaoirseachta, aon toirmisc ar ghníomhaíochtaí, agus gairmeacha beatha agus sochair nach bhfuil ag luí leis na hoibleagáidí sin le linn an téarma oifige agus ina dhiaidh agus rialacha lena rialaítear scor na fostaíochta.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. Beidh comhalta nó comhaltaí agus foireann gach údaráis mhaoirseachta, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, faoi réir dualgas rúndachta gairmiúla, le linn agus i ndiaidh a dtéarma oifige, maidir le haon fhaisnéis rúnda a dtagann siad uirthi le linn dóibh bheith ag comhlíonadh a ndualgas nó ag feidhmiú a gcumhachtaí. Le linn a dtéarma oifige, bainfidh an dualgas rúndachta gairmiúla sin go háirithe le sáruithe ar an Rialachán seo a bheith á dtuairisciú ag daoine nádúrtha le linn a dtéarma oifige.