Airteagal 47
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"Rialacha ceangailteacha corporáideacha"


=> úir: 110
=> administrative fine: Art. 83 (5) lit c
1. Formheasfaidh an t-údarás inniúil maoirseachta rialacha ceangailteacha corparáideacha i gcomhréir leis an sásra comhsheasmhachta a leagtar amach in Airteagal 63, ar choinníoll:
(a) go mbeidh siad ceangailteach ó thaobh dlí agus go mbeidh feidhm acu maidir le gach comhalta lena mbaineann i ngrúpa gnóthas, nó i ngrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, lena n-áirítear a gcuid fostaithe,agus go ndéanfaidh gach comhalta iad a fhorfheidhmiú;
(b) go dtabharfaidh siad cearta in-fhorfheidhmithe go sainráite d'ábhar sonraí maidir lena sonraí pearsanta a phróiseáil; agus
(c) go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais atá leagtha síos i mír 2.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. Leis na rialacha ceangailteacha corparáideacha dá dtagraítear i mír 1, sonrófar ar a laghad:
(a) struchtúr agus sonraí teagmhála an ghrúpa gnóthas, nó an ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu agus struchtúr agus sonraí teagmhála gach comhalta den ghrúpa sin;
(b) na haistrithe sonraí nó na sraith d'aistrithe sonraí, lena n-áirítear na catagóirí sonraí pearsanta, an cineál próiseála agus críocha na próiseála sin, an cineál ábhair sonraí lena mbainfidh agus ainm nó ainmneacha an tríú tír nó na dtríú tíortha;
(c) iad a bheith de chineál ceangailteach ó thaobh dlí, go hinmheánach agus go seachtrach;
(d) cur i bhfeidhm na bprionsabal ginearálta maidir le cosaint sonraí, go háirithe teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, tréimhsí teoranta stórála, cáilíocht sonraí, cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, an bunús dlí atá leis an próiseáil, próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta, bearta chun slándáil sonraí a áirithiú agus na ceanglais maidir le sonraí a aistriú ar aghaidh chuig comhlachtaí nach bhfuil faoi cheangal na rialacha ceangailteacha corparáideacha;
(e) cearta na n-ábhar sonraí maidir le próiseáil agus na modhanna chun na cearta sin a fheidhmiú, lena n-áirítear an ceart gan a bheith faoi réir cinntí atá bunaithe ar phróifíliú, lena n-áirítear próifíliú i gcomhréir le hAirteagal 22, an ceart gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil maoirseachta agus le cúirteanna inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 79, agus an ceart chun sásaimh, agus, nuair is iomchuí, an ceart chun cúiteamh a fháil de bharr sárú ar na rialacha ceangailteacha corparáideacha;
(f) go nglacann an rialaitheoir nó an próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit le dliteanas i gcás ina sáraíonn aon chomhalta lena mbaineann nach bhfuil bunaithe san Aontas na rialacha ceangailteacha corparáideacha; ní bheidh an rialitheoir nó an próisealaí díolmhaithe ón dliteanas sin, go páirteach nó go hiomlán, ach amháin má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste;
(g) an bealach a gcuirtear an fhaisnéis faoi na rialacha ceangailteacha corparáideacha, agus faoi na forálacha dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) den mhír seo go háirithe, ar fáil do na hábhair sonraí chomh maith le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14;
(h) cúraimí aon oifigigh cosanta sonraí a cheaptar i gcomhréir le hAirteagal 37, nó aon duine nó aon eintitis eile atá i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha ceangailteacha corparáideacha laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, chomh maith le faireachán ar oiliúint agus ar an dóigh a ndéileáiltear le gearáin;
(i) na nósanna imeachta um ghearáin;
(j) na sásraí laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu lena n-áirithítear go bhfíoraítear comhlíonadh na rialacha ceangailteacha corparáideacha. Áireofar ar na sásraí sin iniúchtaí ar chosaint sonraí agus modhanna lena n-áirithítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun cearta an ábhair sonraí a chosaint. Ba cheart torthaí an fhíoraithe sin a chur in iúl don duine nó don eintiteas dá dtagraítear i bpointe (h) agus do bhord an ghnóthais rialaithe de ghrúpa gnóthas nóde ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, agus ba cheart iad a bheith ar fáil arna iarraidh sin don údarás inniúil maoirseachta;
(k) na sásraí chun athruithe ar na rialacha a thaifeadadh agus a thuairisciú agus chun tuairisc a thabhairt don údarás maoirseachta faoi na hathruithe sin;
(l) an sásra don chomhar leis an údarás maoirseachta chun comhlíonadh a áirithiú i gcás gach comhalta den ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, go háirithe trí thorthaí na bhfíoruithe ar na bearta dá dtagraítear i bpointe (j) den mhír seo a chur ar fáil don údarás maoirseachta;
(m) na sásraí chun aon cheanglais dlí a bhfuil comhalta den ghrúpa gnóthas nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu faoina réir i dtríú tír a thuairisciú don údarás inniúil maoirseachta, ar dóchúil go mbeadh éifeacht shuntasach dhíobhálach aige ar na ráthaíochtaí dá bhforáiltear leis na rialacha ceangailteacha corparáideacha; agus
(n) an oiliúint iomchuí i ndáil le cosaint sonraí do phearsanra a bhfuil rochtain bhuan nó rialta acu ar shonraí pearsanta.
3. Féadfaidh an Coimisiún an fhormáid agus na nósanna imeachta a shonrú maidir le faisnéis a mhalartú idir rialaitheoirí, próiseálaithe agus údaráis mhaoirseachta i gcás rialacha ceangailteacha corparáideacha de réir bhrí an Airteagail seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).