Airteagal 45
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"Aistrithe ar bhonn cinneadh leordhóthanachta"


=> úir: 103, 104, 105, 106, 107
=> administrative fine: Art. 83 (5) lit c
1. Féadfar sonraí pearsanta a aistriú go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta i gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún go n-áirithíonn tríú tír, an críoch nó an earnáil shonraithe, laistigh den tríú tír sin, nó an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist, go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil. Ní gá aon údarú sonrach a fháil i gcás aistriú den sórt sin.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. Agus a leordhóthanaí atá an leibhéal cosanta á mheas ag an gCoimisiún cuirfidh sé na nithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh:
(a) an smacht reachta, an urraim do chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, reachtaíocht ábhartha, idir ghinearálta agus earnálach, lena n-áirítear i ndáil leis an tslándáil phoiblí, cosaint, an tslándáil náisiúnta agus an dlí coiriúil agus rochtain na n-údarás poiblí ar shonraí pearsanta, maille le cur chun feidhme na reachtaíochta seo, rialacha um chosaint sonraí, rialacha gairmiúla agus bearta slándála, lena n-áirítear rialacha maidir le sonraí pearsanta a aistriú ar aghaidh go tríú tír eile nó go heagraíocht idirnáisiúnta eile, ar rialacha iad atá á gcomhlíonadh sa tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin, an cásdlí, chomh maith le cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe a bheith ar fáil d'ábhair sonraí agus sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach do na hábhair sonraí agus a bhfuil a sonraí pearsanta á n-aistriú;
(b) ceann amháin nó níos mó d'údaráis neamhspleácha mhaoirseachta a bheith sa tríú tír agus é/iad ag feidhmiú go maith nó a mbeidh eagraíocht idirnáisiúnta faoina réir agus é mar fhreagracht orthu a áirithiú go bhfuil na rialacha maidir le cosaint sonraí á gcomhlíonadh agus á bhforfheidhmiú, lena n-áirítear cumhachtaí iomchuí forfheidhmithe chun comhairle a chur ar na hábhair sonraí agus cúnamh a thabhairt dóibh chuige sin, agus chun comhar a áirithiú le húdaráis mhaoirseachta an Aontais agus na mBallstát;
(c) na tiomantais idirnáisiúnta atá glactha ag an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann, nó oibleagáidí eile a eascraíonn as coinbhinsiúin nó ionstraimí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus óna rannpháirtíocht i gcórais réigiúnacha nó i gcórais iltaobhacha, go háirithe a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint.
3. Tar éis dó leordhóthanacht leibhéal na cosanta a mheas, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go n-áirithítear i dtríú tír, i gcríoch nó in earnáil shonraithe amháin nó níos mó i dtríú tír, nó in eagraíocht idirnáisiúnta, go bhfuil leibhéal cosanta leordhóthanach inti laistigh de réir bhrí mhír 2 den Airteagal seo.Forálfar, leis an ngníomh cur chun feidhme, do shásra chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh, ar a laghad uair amháin gach ceithre bliana, ina gcuirfear san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa tríú tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin. Sa ghníomh cur chun feidhme, sonrófar cur i bhfeidhm críochach agus earnálach an ghnímh, agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneofar an t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).
4. Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn leanúnach, faireachán ar fhorbairtí i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcaoi a bhfheidhmeodh na cinntí a ghlactar de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus na cinntí a ghlactar ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE.
5. Sa mhéid is gá, cinnfidh an Coimisiún, i gcás ina léireoidh an fhaisnéis atá ar fáil, go háirithe tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, nach n-áirithítear a thuilleadh leibhéal leordhóthanach cosanta i dtríú tír, i gcríoch ná in earnáil shonraithe sa tríú tír sin, ná in eagraíocht idirnáisiúnta, de bhrí mhír 2 den Airteagal seo, a mhéid is féidir, déanfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a aisghairm, a leasú nó a chur ar fionraí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan éifeacht chúlghabhálach a bheith aige. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2). Ar mhórchúiseanna prainne a bhfuil bonn cirt cuí leo, déanfaidh an Coimsiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhéir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(3).
6. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta féachaint an bhféadfaí an méid ba chúis leis an gcinneadh a rinneadh de bhun mhír 5 seo a leigheas.
7. Is gan dochar a bheidh cinneadh de bhun mhír 5 den Airteagal seo d'aistrithe sonraí pearsanta go dtí an tríú tír, go dtí an chríoch nó go hearnáil shonraithe amhain nó níos mó laistigh den tríú tír sin, nó go dtí an eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 46 go hAirteagal 49.
8. Déanfaidh an Coimisiún liosta a fhoilsiú, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar a shuíomh gréasáin, de na tríú tíortha, de na críocha agus de na hearnálacha sonraithe i dtríú tír agus de na heagraíochtaí idirnáisiúnta ar chinn an Coimisiún ina leith go raibh nó nach raibh a leibhéil chosanta leormhaith.
9. Beidh feidhm ag cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE go dtí go ndéanfar iad a leasú, a ionadú nó a aisghairm le Cinneadh ón gCoimisiún arna nglacadh i gcomhréir le mír 3 nó mír 5 den Airteagal seo.