Airteagal 30
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"Taifid de ghníomhaíochtaí próiseála"


=> úir: 13, 39, 82
=> administrative fine: Art. 83 (4) lit a
1. Coimeádfaidh gach rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an rialaitheora taifead de ghníomhaíochtaí próiseála atá faoina chúram. Áireofar an fhaisnéis uile eo a leanas sa taifead sin:
=> Airteagal: 4
(a) ainm agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála aon rialaitheora chomhpháirtigh, ainm agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora agus an oifigigh cosanta sonraí;
(b) críocha na próiseála;
(c) tuairisc ar na catagóirí ábhar sonraí agus ar na catagóirí sonraí pearsanta;
(d) na catagóirí faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, lena n-áirítear faighteoirí i dtríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(e) i gcás in arb infheidhme, aistrithe sonraí pearsanta go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin a ainmniú agus, i gcás aistrithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), na doiciméid maidir le coimircí oiriúnacha;
(f) más féidir, na teorainneacha ama atá beartaithe chun catagóirí éagsúla sonraí a léirscriosadh;
(g) más féidir, cur síos ginearálta ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 32(1).

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. Coimeádfaidh gach próiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an phróiseálaí taifead ar na catagóirí uile gníomhaíochtaí próiseála, ar gníomhaíochtaí iad a dhéantar thar ceann an rialaitheora agus áireofar an méid seo a leanas sa taifead sin:
(a) ainm agus sonraí teagmhála an phróiseálaí nó na bpróiseálaithe agus ainm agus sonraí teagmhála gach rialaitheora ar thar a cheann atá an próiseálaí ag feidhmiú, agus, i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, agus an oifigigh cosanta sonraí;
(b) catagóirí na próiseála a rinneadh thar ceann gach rialaitheora;
(c) i gcás in arb infheidhme, aistrithe sonraí pearsanta go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin a ainmniú agus, i gcás aistrithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), na doiciméid maidir le coimircí oiriúnacha;
(d) más féidir, cur síos ginearálta ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 32(1).
3. Is i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh na taifid dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.
4. Cuirfidh an rialaitheoir nó an próiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an rialaitheora nó ionadaí an phróiseálaí, an taifead ar fáil don údarás maoirseachta, arna iarraidh sin.
5. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 maidir le fiontar nó le heagraíocht ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine ach amháin murar dócha é go ngabhann riosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí leis an bpróiseáil a bhíonn ar bun ann, nach ndéantar an phróiseáil go hócáideach, go n-áirítear sa phróiseáil catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10.
=> úir: 13