|
Airteagal 23 AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí "Srianta"
=> úir: 73 |
|
1. Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:
=> Airteagal: 6 |
|
| (a) an tslándáil náisiúnta;
|
|
|
|
|
| (c) an tslándáil phoiblí;
|
|
|
| (d) cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;
|
|
|
| (e) cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;
|
|
|
| (f) neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;
|
|
|
| (g) chun a áirithiú go ndéantar sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte;
|
|
|
| (h) feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g);
|
|
|
| (i) an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint;
|
|
|
| (j) éileamh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú.
|
|
|
NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here! |
2. Go háirithe, beidh forálacha sonracha in aon bheart reachtach dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:
|
|
| (a) críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála,
|
|
|
| (b) catagóirí na sonraí pearsanta,
|
|
|
| (c) raon feidhme na srianta a thugtar isteach,
|
|
|
| (d) na coimircí chun droch-úsáid a chosc nó chun rochtain nó aistriú mídhleathach a chosc;
|
|
|
| (e) sonrú an rialaitheora nó na gcatagóirí rialaitheoirí,
|
|
|
| (f) na tréimhsí stórála agus na coimircí is infheidhme agus cineál, raon feidhme agus críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála á gcur san áireamh;
|
|
|
| (g) na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí do na sonraí; agus
|
|
|
| (h) an ceart atá agna hábhair sonraí go gcuirfear ar an eolas iad faoin srian, ach amháin dá ndéanfadh an ceart sin dochar do chríoch an tsriain.
|
|