Airteagal 22
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"Cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú"


=> úir: 71, 72
=> administrative fine: Art. 83 (5) lit b
1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí gan a bheith faoi réir cinneadh a bhunaítear ar an bpróiseáil uathoibrithe amháin, lena n-áirítear próifíliú, a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla aige a bhaineann leis nó léi nó lena n-imrítear éifeacht shuntasach, air nó uirthi.
=> Airteagal: 4

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 más fíor an méid seo a leanasi dtaca leis an gcinneadh:
(a) tá sé riachtanach chun conradh a dhéanamh nó a fheidhmiú idir an t-ábhar sonraí agus rialaitheoir sonraí;
(b) údaraítear é faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir agus lena leagtar síos freisin bearta iomchuí chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú; nó
(c) tá sé bunaithe ar thoiliú sainráite an ábhair sonraí.
3. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 2, cuirfidh an rialaitheoir sonraí bearta iomchuí chun feidhme chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú, ar a laghad ceart an rialaitheora chun idirghabháil daoine a fháil, chun a dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl agus chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.
=> úir: 70
4. Cinntí dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh siad bunaithe ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ach amháin sa chás go bhfuil feidhm ag pointe (a) nó ag pointe (g) d'Airteagal 9(2) agus go mbeidh bearta iomchuí ann chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú.