Airteagal 19
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"An oibleagáid fógra a thabhairt go ndearnadh sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó próiseáil a shrianadh"


=> Airteagal: 30
=> administrative fine: Art. 83 (5) lit b
Tabharfaidh an rialaitheoir fógra do gach faighteoir ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh má ceartaíodh nó má léirscriosadh nó má srianadh próiseáil a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16, Airteagal 17(1) agus Airteagal 18, ach amháin má tá sé dodhéanta é sin a dhéanamh nó má tá iarracht dhíréireach ag baint leis. Déanfaidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi na faighteoirí sin má iarrann an t-ábhar sonraí go ndéanfar amhlaidh.