Airteagal 15
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"Ceart rochtana don ábhar sonraí"


=> Airteagal: 30
=> úir: 63, 64
=> administrative fine: Art. 83 (5) lit b
1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí deimhniú a fháil ón rialaitheoir á rá an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á bpróiseáil nó nach bhfuil, agus, i gcás inarb amhlaidh an cás, rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta sin agus ar an bhfaisnéis seo a leanas:
=> Airteagal: 12
(a) críocha na próiseála;
(b) catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann;
(c) na faighteoirí nó na catagóirí faighteora a nochtadh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, go háirithe faighteoirí i dtríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(d) i gcás inar féidir, an tréimhse a meastar go stórálfar na sonraí pearsanta lena linn, nó murar féidir é sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
(e) is ann don cheart a iarraidh ar an rialaitheoir go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a shrianadh agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil den sórt sin;
(f) an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta;
(g) i gcás nach mbailítear na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, aon fhaisnéis atá ar fáil maidir lena bhfoinse;
(h) is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, d'fhaisnéis a bhaineann leis an loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. I gcás go n-aistrítear sonraí pearsanta go dtí tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí faisnéis a fháil maidir leis na coimircí iomchuí, de bhun Airteagal 46, a bhaineann leis an aistriú.
=> Airteagal: 12
3. Cuirfidh an rialaitheoir cóip de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ar fáil. Le haghaidh tuilleadh cóipeanna a d'iarrfadh an t-ábhar sonraí, féadfaidh an rialaitheoir táille réasúnach a ghearradh bunaithe ar chostais riaracháin. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí trí mhean leictreonach, agus mura n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach a úsáidtear go coitianta.
=> Airteagal: 12, 20
=> úir: 63
4. An ceart chun cóip a fháil dá dtagraítear i mír 3, ní dhéanfar dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile leis.