úir 94
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(94) I gcás ina léirítear le measúnú tionchair ar chosaint sonraí go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha ag gabháil leis an bpróiseáil, in éagmais na gcoimircí, na mbeart slándála agus na sásraí a bheartaítear leis an riosca a mhaolú, agus i gcás ina bhfuil an rialaitheoir den tuairim nach bhféadfaí an riosca a mhaolú ar bhealach réasúnach ó thaobh na dteicneolaíochtaí atá ar fáil agus ó thaobh na gcostas chur chun feidhme, ba cheart dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula gcuirfí tús le gníomhaíochtaí próiseála. Is dóigh do dtiocfaidh ardriosca den sórt sin as cineálacha áirithe próiseála sonraí pearsanta agus as méid agus as minicíocht na próiseála, a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh freisin do chearta agus do shaoirsí an duine nádúrtha nó a d'fhéadfadh cur as do chearta agus do shaoirsí an duine nádúrtha sin. Ba cheart don údarás maoirseachta freagairt don iarraidh ar chomhairliúchán laistigh de thréimhse shonraithe. Mura mbeidh freagairt ann ón údarás maoirseachta laistigh den tréimhse sin, ba cheart nár dhochar é sin d'aon idirghabháil ón údarás maoirseachta i gcomhréir leis na cúraimí sin atá air agus leis na cumhachtaí sin atá aige a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear an chumhacht cosc a chur ar oibríochtaí próiseála. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin sin, féadfar an toradh ar mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéantar maidir leis an bpróiseáil a chur faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta, go háirithe na bearta atá beartaithe leis an riosca do chearta agus do shaoirsí na ndaoine nádúrtha a mhaolú.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!