úir 89
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(89) I dTreoir 95/46/CE rinneadh foráil maidir le hoibleagáid ghinearálta chun fógra a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta faoin bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta. Cé go mbaineann ualaí riaracháin agus airgeadais leis an oibleagáid sin, níor chuidigh sí i gcónaí le cosaint sonraí pearsanta a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí ginearálta fánacha den sórt sin maidir le fógra a thabhairt a dhíothú, agus nósanna imeachta éifeachtacha agus sásraí éifeachtacha a chur ina n-ionad, ar nósanna imeachta agus sásraí iad lena gcuirfí béim ar na cineálacha oibríochtaí próiseála sin ar dócha go mbeadh ardriosca ag gabháil leo maidir le cearta agus le saoirsí daoine nádúrtha mar gheall ar chineál, ar raon feidhme, ar chomhthéacs agus ar chuspóirí na n-oibríochtaí sin. Áirítear i gcineálacha oibríochtaí próiseála den sórt sin, go háirithe, na hoibríochtaí sin lena mbaintear úsáid as teicneolaíochtaí nua, nó na cinn ar de chineál nua iad agus nach bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí déanta ag an rialaitheoir ina leith go fóill nó na cinn a bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí tagtha chun bheith riachtanach mar gheall ar an tréimhse ama a chuaigh thart ón uair a rinneadh an phróiseáil tosaigh i leith.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!