úir 80
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(80) I gcás ina bhfuil rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ag próiseáil sonraí pearsanta ábhar sonraí agus atá san Aontas, a mbaineann a ghníomhaíochtaí próiseála nó a gníomhaíochtaí próiseála le hearraí nó seirbhísí a thairiscint, cé acu a n-éilítear nó nach n-éilítear íocaíocht ón ábhar sonraí, d'ábhair sonraí san Aontas, nó a mbaineann a ghníomhaíochtaí próiseála nó a gníomhaíochtaí próiseála le faireachán a dhéanamh ar iompar na n-ábhar sonraí a mhéid atá an t-iompar sin ar bun laistigh den Aontas, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí ionadaí a cheapadh, ach amháin má tá an phróiseáil ócáideach, nach n-áirítear léi próiseáil, ar scála mór, catagóirí speisialta sonraí pearsanta ná an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta, agus nach dócha go mbeadh riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar thoradh uirthi, agus cineál, comhthéacs, raon feidhme agus críocha na próiseála nó más údarás poiblí nó comhlacht poiblí é an rialaitheoir á gcur san áireamh. Ba cheart don ionadaí gníomhú thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí agus féadfaidh aon údarás maoirseachta cumarsáid a dhéanamh leis. Ba cheart an t-ionadaí a cheapadh go sainráite trí shainordú i scríbhinn ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí chun gníomhú ar a shon maidir lena oibleagáidí faoin Rialachán seo. Ní dhéanann ceapadh ionadaí den sórt sin difear d'fhreagracht ná do dhliteanas an rialaitheora nó an phróiseálaí faoin Rialachán seo. Ba cheart d'ionadaí den sórt sin a chúraimí a chomhlíonadh de réir an tsainordaithe a fuarthas ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí, lena n-áirítear comhoibriú leis na húdaráis inniúla mhaoirseachta maidir le haon ghníomh a dhéantar chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart an t-ionadaí a cheaptar a bheith faoi réir imeachtaí forfheidhmithe i gcás neamh-chomhlíonadh an rialaitheora nó an phróiseálaí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!